CÉN
FÁTH
BALLRAÍOCHT?
CÉN FÁTH BALLRAÍOCHT LE GAELTACHT.CC?
Ardán rásaíochta Gaeltachta agus Gaeilge
Seisiúin traenála eagraithe
Éadach rothaíochta déanta ag comhlacht Gaeltachta
Tacaíocht agus comhairle ar chuile cheist rothaíochta!
Deis tabhairt faoi imeachtaí in ainm Gaeltacht.cc
Árachas tríú páirtí rothaíochta le Cycling Ireland
Lascainí ó chomhlachtaí éagsúla
CÉN
CHAOI
BALLRAÍOCHT?
CÉN CHAOI GO MBAINEANN TÚ BALLRAÍOCHT AMACH?
Chun ballraíocht a bhaint amach le Gaeltacht.cc, is gá ballraíocht a bhaint amach le Cycling Ireland i dtaobh clúdach árachais. Tá táille le n-íoc ar bhallraíocht Cycling Ireland, ach do 2021, tá Gaeltacht.cc ag tabhairt ballraíocht SAOR IN AISCE don chlub féin.
Ní bheidh le n-íoc, mar sin, ach ballraíocht Cycling Ireland féin, agus tá cur síos ar na roghanna éagsúla atá acu ar shuíomh Cycling Ireland.
Tá Gaeltacht.cc dhá dhéanamh seo mar aitheantas ar na dúshláin éagsúla a bhaineann le Covid-19, agus freisin chun deis a thabhairt do dhaoine féachaint an bhfuil spéis acu páirt a ghlacadh sa gclub, ar infheistíocht íseal.