top of page

FÚINN

Is club rothaíochta é Gaeltacht.cc atá dírithe ar dheis rásaíochta a thabhairt do phobal na Gaeltachta. Is cuma má tá taithí na mblianta agat sa peloton, nó má tá uait tabhairt faoi rás rothaíochta don chéad uair i do shaol, seo an club duit! 

Idir iar-rothaithe gairmiúla, nó daoine a thug faoin rásaíocht mall sa saol, tá comhluadar cairdiúil romhat sa gclub, a thabharfaidh comhairle agus tacaíocht.

Tá sé de chuspóir ag Gaeltacht.cc freisin cur le hinfreastruchtúr caitheamh aimsire agus spórt na Gaeltachta, agus oibríonn go dlúth le heagrais eile i bhforbairt na n-áiseanna sin.

GaeltachtCC.jpg

Ráiteas Misin

Cur le caighdeán maireachtála na Gaeltachta  trí deiseanna agus áiseanna aclaíochta a fhorbairt do phobal uile na Gaeltachta, agus cur le féiniúlacht na Gaeltachta trí club amháin a fhorbairt a tharraingeoidh le chéile chuile cheantar Gaeltachta faoi bhrat na rásaíochta.

 

Cuspóir

Tá trí mhór-chuspóir ag Gaeltacht.cc:

 

1. Cuir­fidh Gaeltacht.cc chun cinn féiniúlacht na Gaeltachta trí club a fhorbairt a thabharfaidh ardán iomaíochta do phobal na Gaeltachta ó Rann na Feirste go Rath Chairn, Carna go Cúil Aodha. Beidh an club brandáilte le suaitheantas na Gaeltachta agus pobal uile na Gaeltachta oscailte rannpháirtíocht a ghlacadh in imeachtaí agus traenáil. Is é seo an chéad uair go mbeidh club agus ceangal tras-Ghaeltachta den chineál seo dhá chruthú.

2. Déanfaidh gaeltacht.cc áiseanna caitheamh aimsire agus aclaíochta a fhorbairt agus a chomhordú, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, eagrais forbartha pobail agus áisinteachtaí eile ar nós na páirtnéireachtaí spórt áitiúla, údaráis áitiúla, eagrais náisiúnta ar nós Irish Trails, Cycling Ireland, Triathlon agus srl. Is iad na deiseanna is luachmhaire atá ann ó thaobh na Gaeltachta ná sna réimsí folláine agus aclaíochta a bhfuil méadú ollmhór ag teacht orthú go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus a bhfuil luí ag tírdhreach na Gaeltachta leo, ar nós siúlóidí, rothaíocht gairbhéil agus snámh fhiáin.

 

3. Beidh gaeltacht.cc ag eagrú imeachtaí a bheidh ag teacht le forbairt acmhainní nádúrtha mar dheis don phobal Gaeltachta agus mar dheis turasóireachta. Ina measc, beidh imeachtaí rothair gairbhéil, imeachtaí rith agus imeachtaí snámh fhiáin. Beidh gaeltacht.cc ag cuidiú freisin le páirtnéirí eile in eagrú imeachtaí sa Ghaeltacht, idir poiblí, soláthar saineolas agus soláthar trealamh, agus féachaint imeachtaí fad-bhunaithe ar nós 10k Chonamara agus a léithid a neartú trí páirtnéireacht.

Bí linn ar an aistir spraoíúil, spórtiúil seo!

Is togra spórt Gaeltachta é Gaeltacht.cc atá ag cur club ar fáil do rothaithe Gaeltacht-bhunaithe, agus atá ag obair i dtreo imeachtaí agus infreastruchtúr caitheamh aimsire agus spórt na Gaeltachta a fhorbairt. 

Tá fáilte á chur ag Gaeltacht.cc roimh bhaill nua go bhfuil spéis acu sa rothaíocht.

bottom of page